Séamus …. tá an fheadóg dheireannach séidte ach a leithéid do chluiche

Cara dilís do Scoil Chnoc na Naomh a bhí in Séamus a thug blianta fada ar an bord bainistíochta agus a bhí i gconaí ansin le comhairle agus lámh chuidigh a thabhairt . Tá bearna ollmhór fágtha lena bháis agus saol na scoile níos uaigní ar morán dóigheanna gan é . Ar dheis Dé go raibh a anam uasal . Codail go sámh a sheanchara .
image
Beidh torramh Shéamuis ann Dé hAoine ar 12 . Bheadh sé deas páistí na scoile a bheith ann le éide scoile .

Is fuar is is folamh , anois tá an baile
Ó d’imigh tú a chara go Flaitheas na Naomh
Níl spórt is níl greann ann anois mar a bheadh ann
Níl fágtha anois ann ach uaigneas faraoir

Sa roilig bheannaith’ a fhagaim thú a chara
I leaba fhuar fholamh go uaigneach do luī
Ach Beidh do chuimhne liom I gconai,go soiléir I m’intinn
Is a sheanchara dhilís cead slán leat a choich’