Mí Bealtaine

Mí Bealtaine 01/05/2015.  Rang 4 , 5 agus 6 ag dul go Halla Ghort a Choirce ag dráma Mhicí Mac Gabhann 07/05/2015 … Rang 5 agus 6 ag dul ag Ceardlann Ealaine I nGaoth Dobhair 09/05/2015 …Lá mór ag Rang 2 An Chéad Chomaoineach 22/05/2015 .. Lá votáil sa scoil ..        

Tráth na gCeist 2015

iontach bródúil as Roisín ,Aoife , Caoimhe agus Danny a fuair an 6ú áit I dTráth na gCeist Comhair Creidmheasa san RDS ….inniu….12/05/2015  Bhí 50 foireann páirteach agus rinneamar éacht ar dóigh …..Maith sibh     

Aoine an Chéasta

                         Bíonn páistí as Scoil Chnoc na Naomh agus Scoil Mhachaire Rabhartaigh páirteach ann agus rinne siad obair ar dóigh ……Maith sibh

Tráth na gCeist na nGardai

26/03/2015 bhíomar amuigh ag Tráth na gCeist na ngardai ….Craobh an Chondae bhí 16 foireann páirteach aagus bhí na ceisteanna deacair tháinig muid sa triú áit le foireann as Ardara….chailleamar sa ‘tie breaker’ buaiteoirí 53 Marc , dara áit 51 agus muidinne agus Ardara 50 pointe….Ní raibh moran ann rinne Róisín , Caoimhe ,Aoife agus Danny…

Tuilleadh eolais…

Obama ag teacht go Scoil Chnoc na Naomh

Rinne na Naíonáin dráma beag Inniu faoi Obama ag teacht go Scoil Chnoc na Naomh . Chuir siad fáilte mhór roimh Barrack agus Michelle le damhsa , ceol , dánta agus rinne Michelle hip hop dúinn . Bhain gach duine sult iontach as ….Maith Na Naíonáin

Is Maith iad

Bhí Tráth na gCeist an Comhair Chreidmheasa sa Mount Earrigal Inniu 01/03/2015 Bhí 14 foirne ann (faoi-13) agus bhí an bua againn agus anois táimid tríd go dtí na babhtaí ceannais san RDS i mBaile Atha Cliath ar an 12-04-2015 Táimid iontach bródúil as Aoife , Caoimhe , Róisín agus Danny…Maith sibh

Tráth na gCeist na ngardai

  Iontach iontach bródúil as Danny , Aoife , Caoimhe agus Roisín a tháinig sa dara áit i dTráth na gCeist na nGardai anocht ar an Tearmain. Rinne siad obair ar dóigh agus tá siad tríd anois go Craobh na gCondae ……Maith sibh